Scroll Top

An Glasbhealach ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann, ag forbairt tograí do thionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua.

Is é aidhm an tionscadail ná conair tharraingteach a sholáthar idir lonnaíochtaí Cheann an Droichid, Bhun Cranncha agus an Bhaile Nua i gContae Dhún na nGall, agus í le húsáid go príomha chun críocha áineasa ag coisithe, ag rothaithe, ag úsáideoirí feistí rothacha, agus ag daoine atá faoi mhíchumas luaineachta.

Tríd an ghlasbhealach seo a sholáthar, cuirfear saoráid taistil ghníomhaigh ar ardchaighdeán ar fáil do phobail áitiúla, agus nascacht á soláthar idir Bun Cranncha agus cathair Dhoire. Meallfaidh sé sin cuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta araon go Dún na nGall, agus rochtain á giniúint ar lonnaíochtaí eile agus ar láithreacha fostaíochta feadh an bhealaigh roghnaithe an tráth céanna. Beidh an glasbhealach ina chonair luachmhar fosta, agus rogha modha atá sábháilte, an-leithscartha, inbhuanaithe agus sláintiúil á soláthar aige do gach úsáideoir.

 

Greenway Logo