Scroll Top

Buneolas

Baile  >  Buneolas

Faisnéis faoin Tionscadal

Is é aidhm an tionscadail ná conair tharraingteach a sholáthar idir lonnaíochtaí Cheann an Droichid, Bhun Cranncha agus an Bhaile Nua i gContae Dhún na nGall, agus í le húsáid go príomha chun críocha áineasa agus comaitéireachta ag coisithe, ag rothaithe, ag úsáideoirí feistí rothacha, agus ag daoine atá faoi mhíchumas luaineachta. Tríd an ghlasbhealach seo a sholáthar, cuirfear sárshaoráid áineasa agus sárthacaíocht shóisialta ar fáil do phobail áitiúla trí nascacht a sholáthar idir Bun Cranncha, atá ar an dara baile is mó i nDún na nGall (agus 6,971 duine ina gcónaí ann), agus Doire, atá ar an séú cathair is mó in Éirinn (agus 85,279 nduine ina gcónaí ann).

Meallfar cuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta araon go Dún na nGall, agus rochtain á giniúint ar lonnaíochtaí eile agus ar láithreacha fostaíochta feadh an bhealaigh roghnaithe an tráth céanna. Ar an tslí sin, rachaidh an glasbhealach chun tairbhe do na lonnaíochtaí sin ó thaobh cúrsaí sóisialta agus geilleagracha de. Beidh an glasbhealach ina chonair luachmhar comaitéireachta idir Bun Cranncha agus an Baile Nua – agus an chuid sin thart ar 20 km ar fad – agus idir an Baile Nua agus Doire, an chathair réigiúnach is mó – agus an chuid sin thart ar 16 km ar fad – trí rogha modha atá sábháilte, inbhuanaithe agus sláintiúil a sholáthar do gach leibhéal úsáideora.

Táthar ag coinne leis gurb é an toradh a bheidh ar ghlasbhealach a sholáthar mar chuid den Ghréasán Rothaíochta Náisiúnta ná go gcuirfear rochtain bhreisithe ar an mhór-réigiún ar fáil agus, ar an tslí sin, go meallfar úsáideoirí chun iniúchadh a dhéanamh ar na bailte agus na sráidbhailte máguaird, go méadófar an líon turas taistil ghníomhaigh, go spreagfar aistriú modha chuig comaitéireacht taistil ghníomhaigh, go bhforbrófar arís eile an acmhainneacht turasóireachta nár baineadh leas iomlán aisti go fóill, agus go gcuirfear feabhas ar an timpeallacht agus ar an bhithéagsúlacht feadh an bhealaigh roghnaithe. Chomh maith leis sin, tugann an tionscadal seo deis chun aird a tharraingt ar an tábhacht atá leis na háiteanna lena mbaineann ó thaobh na staire agus an oideachais de, agus radhairc áille an limistéir máguaird á gcur chun cinn an tráth céanna. Cuirfear feabhas mór ar an inrochtaineacht trí na lonnaíochtaí tuaithe éagsúla feadh an bhealaigh roghnaithe a nascadh le chéile fosta.

Is é aidhm an tionscadail ná conair tharraingteach a sholáthar idir lonnaíochtaí Cheann an Droichid, Bhun Cranncha agus an Bhaile Nua i gContae Dhún na nGall, agus í le húsáid go príomha chun críocha áineasa agus comaitéireachta ag coisithe, ag rothaithe, ag úsáideoirí feistí rothacha, agus ag daoine atá faoi mhíchumas luaineachta. Tríd an ghlasbhealach seo a sholáthar, cuirfear sárshaoráid áineasa agus sárthacaíocht shóisialta ar fáil do phobail áitiúla trí nascacht a sholáthar idir Bun Cranncha, atá ar an dara baile is mó i nDún na nGall (agus 6,971 duine ina gcónaí ann), agus Doire, atá ar an séú cathair is mó in Éirinn (agus 85,279 nduine ina gcónaí ann).

Meallfaidh sé sin cuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta araon go Dún na nGall, agus rochtain á giniúint ar lonnaíochtaí eile agus ar láithreacha fostaíochta feadh an bhealaigh roghnaithe an tráth céanna. Ar an tslí sin, rachaidh an glasbhealach chun tairbhe do na lonnaíochtaí sin ó thaobh cúrsaí sóisialta agus geilleagracha de. Beidh an glasbhealach ina chonair luachmhar comaitéireachta idir Bun Cranncha agus Ceann an Droichid, agus idir an Baile Nua agus Ceann an Droichid, agus ar aghaidh go cathair Dhoire, an chathair réigiúnach is mó, trí rogha modha atá sábháilte, an-leithscartha, inbhuanaithe agus sláintiúil a sholáthar do gach leibhéal úsáideora.

Táthar ag coinne leis gurb é an toradh a bheidh ar ghlasbhealach a sholáthar mar chuid den Ghréasán Rothaíochta Náisiúnta ná go gcuirfear rochtain bhreisithe ar an mhór-réigiún ar fáil agus, ar an tslí sin, go meallfar úsáideoirí chun iniúchadh a dhéanamh ar na bailte agus na sráidbhailte máguaird, go spreagfar aistriú modha chuig comaitéireacht taistil ghníomhaigh, go bhforbrófar arís eile an acmhainneacht turasóireachta nár baineadh leas iomlán aisti go fóill, agus go gcuirfear feabhas ar an timpeallacht agus ar an bhithéagsúlacht feadh an bhealaigh roghnaithe. Chomh maith leis sin, tugann an tionscadal seo deis chun aird a tharraingt ar an tábhacht atá leis na háiteanna lena mbaineann ó thaobh na staire agus an oideachais de, agus radhairc áille an limistéir máguaird á gcur chun cinn an tráth céanna. Cuirfear feabhas mór ar an inrochtaineacht trí na lonnaíochtaí tuaithe éagsúla feadh an bhealaigh roghnaithe a nascadh le chéile fosta.

Cuspóirí an Tionscadail

Ceann amháin de phríomhchuspóirí beartais an Rialtais is ea infheistíocht a dhéanamh sa siúl agus sa rothaíocht. Aithnítear sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 a thábhachtaí atá an taisteal gníomhach, ní amháin maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú, ach maidir le torthaí straitéiseacha náisiúnta eile amhail dlúthfhás uirbeach agus forbairt réigiúnach chothromaithe a bhaint amach fosta. I mbeartais náisiúnta eile, amhail an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, an Creat Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn, an Straitéis d’Fhorbairt na nGlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo agus an Beartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe, tarraingítear aird ar na tairbhí ilghnéitheacha a ghabhann le hinfheistíocht sa taisteal gníomhach, lena n-áirítear laghduithe ar astaíochtaí carbóin, tairbhí sláinte fisiciúla agus meabhairshláinte, méadú ar an turasóireacht, agus feabhsuithe ar inrochtaineacht agus cuimsiú sóisialta.

Cuireadh seacht bpríomhchuspóir le chéile do thionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua, agus aird á tabhairt ar an Chreat Náisiúnta Pleanála agus ar na Cúig Chritéar atá leagtha amach i Straitéis an Rialtais d’Fhorbairt na nGlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo, is iad sin: Sárscéimhe, Inbhuanaithe, Straitéiseach, Deighilte, agus Neart le Déanamh agus le Feiceáil.

5s - Gaeilge

Is iad seo a leanas na cuspóirí atá leis an tionscadal:

Inrochtaineacht - Glasbhealach an-leithscartha ar ardchaighdeán a sholáthar, agus deis ann é a nascadh leis an Ghréasán Rothaíochta Náisiúnta agus feabhas a chur ar inrochtaineacht agus ar tharraingteacht do gach aoisghrúpa agus do gach leibhéal luaineachta.

Úsáideoirí Iompair agus an Geilleagar - Fás geilleagrach a bhreisiú sa réigiún agus san earnáil seirbhísí tríd an líon cuairteoirí agus nascacht trasteorann a mhéadú agus trí thurasóireacht ghníomhaíochta a chur chun cinn sa limistéar.

Sábháilteacht - Sábháilteacht úsáideoirí soghonta bóithre a fheabhsú trí shaoráidí an-leithscartha a sholáthar.

An tAthrú Aeráide - Tacú le haistriú chuig sochaí atá saor ó charbón trí aistriú modha a chur chun cinn tríd an siúl agus tríd an rothaíocht.

Cúrsaí Sóisialta - Rochtain agus cuimsiú sóisialta idir na bailte a fheabhsú trí nascachtaí nua a chruthú le bonneagar siúil agus rothaíochta agus taitneamhachtaí poiblí eile atá ann cheana agus atá beartaithe.

Úsáid Talún - Nascachtaí taistil ghníomhaigh a sholáthar do phríomhnithe is díol spéise amhail scoileanna, ionaid CLG, ionaid phobail, etc., feadh an bhealaigh chun an taisteal gníomhach agus tuilleadh nasc le tionscadail eile a chur chun cinn.

An Timpeallacht Áitiúil - Tionchar timpeallachta an ghlasbhealaigh a íoslaghdú, nuair is féidir.

Sábháilteacht úsáideoirí soghonta bóithre a fheabhsú trí shaoráid an-leithscartha a sholáthar.

Fás geilleagrach a bhreisiú sa réigiún agus san earnáil seirbhísí tríd an líon cuairteoirí agus nascacht trasteorann a mhéadú agus trí thurasóireacht ghníomhaíochta a chur chun cinn sa limistéar.

Tionchar timpeallachta an ghlasbhealaigh a íoslaghdú, nuair is féidir, agus gnáthóg chuí bithéagsúlachta a sholáthar feadh an bhealaigh.

Nascachtaí taistil ghníomhaigh a sholáthar do phríomhnithe is díol spéise amhail scoileanna, ionaid CLG, ionaid phobail, etc., feadh an bhealaigh chun an taisteal gníomhach agus dícharbónú turas iompair a chur chun cinn sa Limistéar Staidéir.

Inrochtaineacht agus tarraingteacht an limistéir a fheabhsú trí shaoráidí tús conaire agus nascacht le saoráidí agus taitneamhachtaí atá ann cheana a sholáthar lena n-úsáid ag daoine de gach aoisghrúpa agus ar gach leibhéal luaineachta.

Meabhairshláinte agus corpacmhainn a fheabhsú trí nósanna sláintiúla ar feadh an tsaoil a chothú trí spás áisiúil, inrochtana agus cuimsitheach a sholáthar do ghníomhaíocht fhisiciúil, agus deiseanna á méadú le haghaidh aclaíocht laethúil agus le haghaidh comaitéireachta.

Comhtháthú a fheabhsú trí nascachtaí a chruthú le bonneagar siúil agus rothaíochta agus taitneamhachtaí poiblí eile atá ann cheana agus atá beartaithe.

Forbrófar na cuspóirí sin, agus beachtófar tuilleadh iad, feadh shaolré an tionscadail.

Cad atá ag Tarlú Anois?

Le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann, rinne Comhairle Contae Dhún na nGall Egis (Barry Transportation roimhe sin), ar foireann seirbhísí comhairleachta é, a choimisiúnú chun cabhrú le tionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua a fhorbairt.

Le linn Chéim 1 – Coincheap agus Indéantacht, sainaithníodh Roghanna Conaire Bealaigh indéanta agus aird á tabhairt ar an limistéar staidéir, ar shrianta agus ar aiseolas a fuarthas ón chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil a reáchtáladh i mí Aibreáin 2024.

Tá tionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua i gCéim 2 faoi láthair, agus is próiseas dhá chéim é seo. Sa chéim seo, tá na Roghanna Conaire Bealaigh a sainaithníodh i gCéim 1 á gcur i láthair againn. Tá muid ag lorg aiseolais chun cabhrú le measúnú comparáideach ildisciplíneach a dhéanamh ar na Roghanna Conaire Bealaigh faoi Lámhleabhar an Bhainisteora Tionscadail do Thionscadail Ghlasbhealaigh ó Bhonneagar Iompair Éireann, faoi na Treoirlínte Breithmheasa Tionscadail ó Bhonneagar Iompair Éireann, agus faoin Chreat Breithmheasa ón Roinn Iompair.

Sainaithneofar Rogha Roghnaithe ag deireadh na Céime.

Le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann, rinne Comhairle Contae Dhún na nGall Barry Transportation, ar foireann seirbhísí comhairleachta é, a choimisiúnú le déanaí chun cabhrú le tionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua a fhorbairt.

Maidir leis an aiseolas agus na haighneachtaí a gheofar tríd an phróiseas comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil, déanfaidh an fhoireann tionscadail breithniú orthu mar chuid de Chéim 1 (Coincheap agus Staidéar Féidearthachta) agus cabhróidh siad le bonn eolais a chur faoi fhorbairt an tionscadail.