Scroll Top

Ceisteanna Coitianta

Baile  >  Ceisteanna Coitianta

Le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair chun conair a sholáthar do chomaitéirí agus do rothaithe fóillíochta, ar conair í lena nascfar lonnaíochtaí Cheann an Droichid, Bhun Cranncha agus an Bhaile Nua i gContae Dhún na nGall Thuaidh le chéile.

Beidh sé mar aidhm le tionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua deiseanna sábháilte áisiúla chun taisteal feadh an bhealaigh a sholáthar d’úsáideoirí áineasa agus do chomaitéirí fad-achair agus gearr-achair araon. Táthar ag coinne leis gurb é an toradh a bheidh ar ghlasbhealach a sholáthar sa láthair seo ná go gcuirfear rochtain bhreisithe ar an mhór-réigiún ar fáil agus, ar an tslí sin, go spreagfar aistriú modha comaitéireachta chuig an siúl agus chuig an rothaíocht, go dtabharfar deiseanna d’úsáideoirí chun iniúchadh a dhéanamh ar na bailte agus na sráidbhailte máguaird, agus go bhforbrófar arís eile an acmhainneacht turasóireachta laistigh den réigiún nár baineadh leas iomlán aisti go fóill.

Sa Chód Dea-Chleachtais do Ghlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha ón Roinn Iompair, cuirtear síos ar Ghlasbhealach mar chonair tharraingteach a úsáidtear go príomha chun críocha áineasa ag coisithe, ag rothaithe agus ag daoine atá faoi mhíchumas luaineachta agus, ar an tslí sin, a chuireann gníomhaíocht fhisiciúil chun cinn do na húsáideoirí sin.

Tá an tóir ar Ghlasbhealaí a osclaíodh le déanaí ar fud na hÉireann mar fhianaise ar an iliomad tairbhí is féidir leo a chur chun cinn, lena n-áirítear bonneagar siúil agus rothaíochta a sholáthar atá sábháilte agus an-leithscartha agus a fhágann go mbíonn sé níos éasca cuairt a thabhairt ar chairde, taisteal chun na scoile nó chun na hoibre, agus sráidbhailte agus bailte a nascadh le chéile.

Ar scála níos leithne, bíonn Glasbhealaí ag tabhairt deiseanna do chuairteoirí agus don mhuintir áitiúla araon blaiseadh a fháil de thuath álainn na hÉireann, rud a chuireann le sláinte agus folláine na hÉireann, a bhreisíonn pobail áitiúla trí dheiseanna a chruthú do ghnólachtaí nua agus do ghnólachtaí atá ann cheana, agus a thairgeann roghanna eile inbhuanaithe do thurasóirí agus don mhuintir áitiúla rochtain a fháil ar limistéir cheilte na hÉireann.

Tá rún daingean ag an fhoireann tionscadail breithniú iomlán a dhéanamh ar aon aschuir ó dhaoine den phobal, amhail aighneachtaí a gheofar tríd an phróiseas comhairliúcháin phoiblí nó trí shaincheisteanna áitiúla a shainaithint. Ba mhór againn aon aiseolas ar cheart, dar leat, don fhoireann tionscadail athbhreithniú a dhéanamh air chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi fhorbairt an tionscadail. Féach Comhairliúchán Poiblí 1 den suíomh Gréasáin Tionscadail seo chun faisnéis a fháil faoi cad é mar is féidir leat do thuairimí a chur in iúl.

Tá freagracht ar Chomhairle Contae Dhún na nGall as forbairt a phleanáil agus a bhainistiú laistigh den limistéar staidéir. Féadfar iarratais phleanála agus forbairtí nua a dheonú laistigh den limistéar staidéir go fóill. Mar sin féin, ós rud é gur féidir go ndéanfaidh roinnt iarratas pleanála difear don tionscadal, déanfaidh an fhoireann tionscadail athbhreithniú ar na hiarratais phleanála ábhartha uile. Is ar bhonn cás ar chás a bhreithneofar gach iarratas pleanála.

Táthar ag coinne leis gur trí úsáid a bhaint as tailte atá faoi úinéireacht an stáit (nuair is féidir), agus as na tailte a gheofar trí Chomhaontuithe Deonacha, a sholáthrófar an chuid is mó den talamh a bheidh ag teastáil don Ghlasbhealach.

I gcás go mbeidh sé riachtanach talamh príobháideach a fháil tar éis an chonair bealaigh roghnaithe a roghnú, rachaidh tionscnóir an tionscadail i dteagmháil le húinéirí talún aonair chun bealach a chomhaontú a íoslaghdóidh an tionchar ar a bhfeirm/a ngabháltais réadmhaoine faoi seach agus déanfaidh sé Comhaontuithe Deonacha Fála Talún, nuair is féidir. Is roimh iarratas a dhéanamh ar thoiliú pleanála a chuirfear tús leis an phróiseas chun Comhaontuithe Deonacha Fála Talún a dhéanamh.

Maidir leis an aiseolas agus na haighneachtaí a gheofar tríd an phróiseas comhairliúcháin phoiblí reatha, déanfaidh an fhoireann tionscadail breithniú orthu mar chuid de léarscáiliú srianta Chéim 1 agus cabhróidh siad le bonn eolais a chur faoi fhorbairt an tionscadail.

Tá an tionscadal ag Céim 1 (Coincheap & Staidéar Féidearthachta) faoi láthair, rud a bhfuil i gceist leis léarscáiliú a dhéanamh ar na srianta agus measúnú a dhéanamh ar roghanna a d’fhéadfadh a bheith indéanta. Sainaithneofar roinnt Roghanna Conaire Bealaigh ag teacht sna sála ar an aiseolas ón chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil.

De réir mar a bhogann an tionscadal ar aghaidh trí Chéim 2, reáchtálfar dara tréimhse comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil. Áireofar leis sin taispeántais bhreise, agus iarrfar ar an phobal arís eile aighneachtaí nó trácht a dhéanamh ar na Roghanna Conaire Bealaigh, sula sainaithneofar Rogha Roghnaithe.

Beidh an Glasbhealach ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua faoi bhainistiú agus faoi chothabháil ag an Chomhairle, a chuirfidh bearta cuí i bhfeidhm chun iompraíocht fhrithshóisialta a íoslaghdú. Oibreoidh an Chomhairle go dlúth le príomh-gheallsealbhóirí, an Garda Síochána ina measc, ar aon dul lenar tharla i gcás tionscadail eile ghlasbhealaigh a cuireadh chun feidhme cheana féin.

Is scéim nua é an Glasbhealach ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua, agus tá sé á thabhairt ar aghaidh mar gheall ar na hathruithe a rinneadh le déanaí ar an chomhlacht cistiúcháin don scéim, ar Bonneagar Iompair Éireann é anois, agus ar dhoiciméid bheartais rialtais lena gceanglaítear go gcuirfí an scéim trí Chéimeanna na dTreoirlínte Bainistíochta Tionscadail ó Bhonneagar Iompair Éireann. Fágfaidh sé sin go mbeifear in ann an Creat Breithmheasa Iompair agus na Treoirlínte Breithmheasa Tionscadail do Ghlasbhealaí ó Bhonneagar Iompair Éireann a chur i bhfeidhm i leith na scéime.

Mar sin, cinnteofar go gcuirfear an scéim ar aghaidh chun na haidhmeanna agus na cuspóirí a leagadh síos don tionscadal le linn Chéim 0 – Scóip agus Réamh-Bhreithmheas a chomhlíonadh agus chun cloí leis na ceanglais bhreithmheasa nua ar fud Chéimeanna 1 go 4 Bhonneagar Iompair Éireann.  Ar an tslí sin, leanfar próiseas deartha agus breithmheasa atá comhsheasmhach, láidir agus cothromasach. 

Dá bharr sin, tá an scéim ag Céim 1 – Coincheap agus Staidéar Indéantachta faoi láthair, rud a bhfuil i gceist leis léarscáiliú a dhéanamh ar na srianta agus measúnú a dhéanamh ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith indéanta.

Úsáidfear na staidéir a rinneadh mar chuid den scéim roimhe chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an tionscadail, mar aon le suirbhéanna breise/nuashonraithe a bheidh ag teastáil le himeacht ama.