Scroll Top

Comhairliúchán Poiblí

Baile  >  Comhairliúchán Poiblí

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar chónaitheoirí an limistéir, ar dhaoine den phobal agus ar pháirtithe leasmhara eile anois páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an Limistéar Staidéir agus ar na Srianta agus na Deiseanna do Thionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua ón Chéadaoin an 10 Aibreán 2024 go dtí an Aoine an 26 Aibreán 2024.

Tá Comhairliúchán Poiblí ina ghné thábhachtach riachtanach den phróiseas deartha agus pleanála. Dá réir sin, seolfaidh an fhoireann tionscadail roinnt céimeanna comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil le linn an phróisis deartha. Is féidir go seolfar na comhairliúcháin sin trí mheascán d’imeachtaí faisnéise poiblí i bpearsa agus/nó trí ghnéithe den scéim a fhoilsiú go leictreonach le haghaidh barúlacha. Tá do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán seo tábhachtach, agus ba mhór againn aon aiseolas ar cheart, dar leat, don fhoireann tionscadail athbhreithniú a dhéanamh air chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi fhorbairt an tionscadail.

An Chéad Chomhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil – Limistéar Staidéir, Srianta agus Deiseanna

Tá an tionscadal ag Céim 1 (Coincheap & Staidéar Féidearthachta) faoi láthair, lena n-áirítear Limistéar Staidéir an tionscadail agus na príomh-Shrianta agus na príomh-Dheiseanna atá lonnaithe ann a shainaithint. Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo eolas a thabhairt don phobal faoin tionscadal agus aiseolas a lorg ar Limistéar Staidéir an tionscadail, ar na Srianta agus na Deiseanna atá lonnaithe laistigh de, agus ar aon ghnéithe eile ar cheart don Fhoireann Deartha breithniú a dhéanamh orthu.

Chun an méid sin a éascú, cuirfear dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí i bpearsa ar siúl i mBun na hAbhann agus i mBun Cranncha mar a leanas:

Ionad Óige agus Pobail Ailigh, Bun na hAbhann

Dé Céadaoin, an 10 Aibreán 2024, ó 2pm go 8pm

Óstán Gateway Inis Eoghain, Bóthar an Iarnróid, Bun Cranncha

Déardaoin, an 11 Aibreán 2024, ó 2pm go 8pm

Beidh baill den fhoireann tionscadail ar fáil chun plé a dhéanamh ar aon cheist nó ábhar imní a bhaineann leis an tionscadal.

Tar éis na n-imeachtaí comhairliúcháin i bpearsa atá leagtha amach thuas, cuirfear taispeántais phoiblí ar fáil ar feadh tréimhse dhá sheachtain go dtí an Aoine, an 26 Aibreán, ag na láithreacha seo a leanas:

Ionad Óige agus Pobail Ailigh

Uaireanta oscailte: An Luan go dtí an Aoine – 09:30 – 17:30

Leabharlann Bhun Cranncha, Bóthar Mhuire, Bun Cranncha

Uaireanta oscailte: an Luan agus an Satharn, 10:00 – 14:30;
An Chéadaoin, 12:30 - 20:00;
An Mháirt, an Déardaoin agus an Aoine, 09:30 - 17:30

Mar gheall ar an spéis ghéar a bheidh ann sa chomhairliúchán, cuireadh bróisiúr ina bhfuil faisnéis faoin tionscadal le chéile agus is féidir é a íoslódáil anseo. Cuireadh ceistneoir le chéile fosta, rud is féidir leat a úsáid chun do thuairimí a chur in iúl ar an tionscadal.