Nuacht
- Home
- Nuacht
Beidh an dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar thionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua ar siúl ón Chéadaoin, an 14 Bealtaine 2025, go dtí an Aoine an 30 Bealtaine 2025.
Tá tús á chur le Céim 2 – Roghnú Roghanna, agus déanfaidh an Fhoireann Tionscadail measúnú ar na roghanna uile lena linn. Sainaithneofar Rogha Roghnaithe ansin. Chuirfimis fáilte roimh d’aiseolas ar an Roghnú Roghanna Conaire.
I mí Aibreáin 2024, reáchtáladh imeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí i mBun Cranncha agus i mBun na hAbhann chun an Limistéar Staidéir a sainaithníodh le linn Chéim 1 – Coincheap agus Indéantacht a chur i láthair an phobail agus chun aiseolas a iarraidh ina leith. Bhí sé i gceist leo sin Conairí Rogha féideartha a shainaithint, ar conairí iad a mheasúnófar i gCéim 2 – Roghnú Roghanna.