Scroll Top

Ráiteas maidir le Príobháideachas

Dáta Éifeachtach: 2 Aibreán 2024

Nuashonraíodh an Beartas Príobháideachta seo an 2 Aibreán 2024 agus tá feidhm aige maidir le saoránaigh agus buanchónaitheoirí dlíthiúla an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch.

1. Réamhrá

Tá Comhairle Chontae Dhún na nGall freagrach as réimse fairsing seirbhísí a sholáthar, amhail Tithíocht, Bóithre, Pleanáil, Forbairt Pobail srl.

Chun na seirbhísí sin a sholáthar déanann an Chomhairle roinnt mhaith sonraí pearsanta (mar a shainmhínítear sna hAchtanna Cosanta Sonraí agus sna Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016) a bhailiú agus a phróiseáil go rialta. D’fhéadfadh gur sonraí iad seo a chur tú ar fhoirm iarratais, via láithreán gréasáin na Comhairle nó i gcomhfhreagras chugainn/a thug tú i dteagmháil dhíreach linn.

2. Gá a bheith le Ráiteas maidir le Príobháideachas

Tá an ráiteas seo maidir le príobháideachas leagtha amach ar bhealach le cuidiú leat tuiscint a fháil ar an gcúis a gcaithimid faisnéis phearsanta a fháil agus mar a dhéanaimid sin a phróiseáil agus lenár dtiomantas do phríobháideachas a léiriú chomh maith lena chur ina luí ort go gcinnteoimid, in aon déileáil a bheidh agat leis an gComhairle, go mbeidh na sonraí a chuirfidh tú ar fáil dúinn slán.

D’fhéadfadh freisin go bhfaighimis sonraí pearsanta ó ranna rialtais/gníomhaireachtaí reachtúla nó ó thríú páirtithe d’fhonn rialacháin nó ceanglais reachtaíochta a chomhlíonadh.

Maidir leis na sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith ort a chur ar fáil dúinn, geallann Comhairle Chontae na Dún na nGall;

  • Gur ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach a bhailítear sonraí.
  • Nach bhfaighfear sonraí ach chun críocha sonraithe, follasacha agus dlisteanacha amháin.
  • Go mbeidh na sonraí leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na gcríoch dá bhfuil siad á bhfáil.
  • Go ndéanfar sonraí a chlárú agus a stóráil go cruinn agus go slán agus go dtabharfar cothrom le dáta iad nuair is gá.
  • Nach gcoinneofar sonraí níos faide ná is gá chun na gcríoch dá bhfuil siad de dhíth.
  • Go gcoinneofar sonraí ar bhealach ina gceadaítear na daoine is ábhar do na sonraí a aithint.
  • Nach ndéanfar sonraí a phróiseáil ach amháin ar bhealach a chinnteoidh slándáil chuí na sonraí pearsanta lena n-áirítear cosaint ó phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach.

3. Sonraí a Roinnt

D’fhéadfadh an Chomhairle do chuid Sonraí Pearsanta a roinnt le comhlachtaí poiblí agus údaráis rialála eile d’fhonn rialacháin nó ceanglais ó thaobh na reachtaíochta a chomhlíonadh.

4. Faisnéis

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón gComhairle, iarrfar ort sonraí pearsanta éagsúla (d’fhéadfadh faisnéis phearsanta cleithiúnaithe a bheith de dhíth i roinnt cásanna) a chur ar fáil chun tacú le d’iarratas. Leagfaidh Comhairle Chontae na Dún na nGall amach an fhaisnéis a theastóidh uaithi i sraith foirmeacha iarratais ar leith agus sonracha atá ábhartha do gach seirbhís. D’fhéadfadh go mbeadh siad seo a leanas ar na cineálacha sonraí pearsanta a d’iarrfaí ort a sholáthar:

a) Sonraí teagmhála d’fhonn cumarsáid leordhóthanach a dhéanamh Ní gá duit sonraí teagmhála ar fad a chur ar fáil ach dá mó a chuirfidh tú ar fáil – amhail ríomhphost, seoladh, uimhir teagmhála teileafóin – is ea is éasca a bheidh sé teagmháil a dhéanamh leat.

b) Sonraí maidir le do chuid cúinsí pearsanta nach mór a sholáthar de réir an dlí mar chuid den phróiseas iarratais.

c) Do chuid sonraí airgeadais féin nach mór a sholáthar de réir an dlí chun tacú le d’iarratas.

5. Beartas um Chosaint Sonraí

Tá Beartas um Chosaint Sonraí mionsonraithe ag an gComhairle ina mínítear ann mar atá an Chomhairle tiomanta slándáil aon sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil dúinn a chinntiú.

6. Beartas um Choinneáil Taifead

Cuirtear sonraí ar fáil sa Bheartas Náisiúnta Coinneála i leith Thaifid na nÚdarás Áitiúil maidir leis an tréimhse ama a gcoinneoidh Comhairle Chontae Dhún na nGall do chuid sonraí pearsanta agus an méid a tharlóidh dóibh nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag.

7. Na Cearta atá Agat

Tá sé de cheart agat rochtain a iarraidh ar shonraí pearsanta atá coinnithe fút, deimhniú a fháil cibé an ann do shonraí a bhaineann leat, a bheith ar an eolas maidir le hábhar agus foinse na sonraí agus cruinneas na sonraí sin a sheiceáil. Má fhaightear go bhfuil na sonraí atá á gcoinneáil ag an gComhairle míchruinn, tá sé de cheart agat sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag an gComhairle a athrú, a bhaint, a bhlocáil nó cur i gcoinne a n-úsáide. In imthosca áirithe d’fhéadfadh blocáil ar rochtain ar shonraí moill a chur ar sheirbhís duitse nó gan rochtain ar bith a bheith agat uirthi. Tabhair ar aird, ar mhaithe le do chuid príobháideachais a chosaint, go nglacaimid céimeanna chun do chéannacht a dheimhniú sula dtugtar rochtain ar do chuid sonraí pearsanta.

Chomh maith leis sin, tá sé de cheart agat:

  • Iniomparthacht sonraí a fheidhmiú, i.e., cóip inaistrithe a fháil d’fhaisnéis atá coinnithe againn le haistriú chuig tríú páirtí/soláthraí.
  • Sonraí a fháil ar aon aistriú sonraí chuig tríú tír (taobh amuigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach) agus na cosaintí atá i bhfeidhm.
  • Sonraí a fháil maidir le haon chinnteoireacht uathoibrithe. Chun na cearta sin a fheidhmiú, is féidir leat Iarraidh ar Rochtain ó Ábhar Sonraí a dhéanamh. Is féidir an iarraidh a dhéanamh i scríbhinn nó go leictreonach chuig Oifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.

8. Sonraí Teagmhála maidir le Cosaint Sonraí

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle maidir le gach fiosrúchán a bhaineann le Cosaint Sonraí:

An Ceart Gearán a Dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Mura bhfuil tú sásta leis an toradh a bhí ar an bhfreagra a fuair tú ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall i ndáil le d’iarraidh, tá tú i dteideal gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí a d’fhéadfadh an cás a fhiosrú thar do cheann.

Is www.dataprotection.ie láithreán gréasáin Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig ag: